Thiocfadh sé chun an bhaile gach bliain ar saoire. Bhí a athair ina chónaí ag a dheirfiúr. Bhí an seanteach sa bhaile le díol. Cheannaigh Jimí an teach agus chónaigh sé ann ar saoire go dtí gur phill sé. Bhí cuid de na páistí fásta (ina ndéagóirí) agus beirt eile a bhí 8 mbliana agus 2 bhliain d’aois. Luigh sé leis an ól tamall agus chaill sé a cheadúnas tiomána. Bhí brú air thall, shocraigh sé theacht chun an bhaile. Dhíol sé a theach thall i 1983. Chónaigh sé sa tseanteach ar dtús ach bhí sé i ndrochstaid. Thóg sé teach úr. | 00:05:02 | |